2. Uasdátaithe

Software update pop-up message

Cóipcheart: Rawpixel.com

Ní thógann uasdátaithe bogearraí ach cúpla nóiméad go hiondúil ach is minic a thugtar neamhaird orthu. Cé chomh minic a bhrúigh tú ar “cancel” nó “remind me later” nuair a tháinig teachtaireacht faoin uasdátú thuas ar do scáileán? Go hiondúil, bíonn sé i gceist againn filleadh air ach is annamh a tharlaíonn sé sin. 

Tá uasdátaithe bogearraí tábhachtach mar is minic go mbíonn réitigh acu ar fhadhbanna agus ar bhearnaí slándála.Glaoitear “paisteáil” air seo. Baineann go leor ionsaithe le bogearraí mailíseacha leas as laigí bogearraí laistigh d’fheidhmchláir choitianta cosúil le córais oibriúcháin agus brabhsálaithe. Mar sin, tá sé an-tábhachtach do chuid bogearraí a choimeád suas chun dáta chun do shonraí a chosaint. Seachas na huasdátaithe seo a chur ar an méar fhada, ba chóir duit breathnú orthu mar cheann de na céimeanna is tábhachtaí gur féidir leat a ghlacadh chun do shonraí a chosaint.

Chomh maith le do bhogearraí a choinneáil suas chun dáta agus ag baint úsáid as táirgí frithvíris, tá táirgí eile gur féidir leat a úsáid chun bagairt na mbogearraí mailíseacha a mhaolú. Breathnóimid orthu seo anois.