Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries
Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach
3. Ionsaithe Gníomhacha
Ar an lámh eile, is éard atá i gceist le hionsaithe gníomhacha ná nuair a fhaigheann an t-ionsaitheoir rochtain ar an bhfaisnéis ar an líonra ach nuair a athraíonn siad an fhaisnéis sin. Seo roinnt samplaí d’ionsaithe gníomhacha:
Rochtain Neamhúdaraithe Seo nuair a dhéanann ionsaitheoir iarracht rochtain a fháil ar an líonra uilig nó nuair a dhéanann siad iarracht rochtain a fháil ar na seirbhísí/pribhléidí nach bhfuil údarás acu rochtain a fháil orthu. Ní dhírítear an t-ionsaí seo ar úsáideoir faoi leith. Is feidir leis an gcineál ionsaithe seo tarlú ó laistigh de líonra. Mar shampla, má fhaigheann úsáideoir dlisteanach teachtaireacht ag rá “Cosc ar rochtain neamhúdaraithe” ach leanann siad ar aghaidh ag déanamh iarracht rochtain a fháil ar an gcóras, d’fhéadfaí a rá go bhfuil ionsaí rochtana neamhúdaraithe ar bun acu.
Ionsaí Socadáin Glaoitear ionsaí socadáin ar ionsaí nuair a idircheapann agus athraíonn an t-ionsaitheoir faisnéis atá á roinnt idir beirt úsáideoirí, nó an fhaisnéis idir úsáideoir agus freastalaí i líonra. Is é an rud is mó faoin ionsaí seo ná nach bhfuil a fhios ag an úsáideoir go bhfuil socadán ann. Creideann an t-úsáideoir go bhfuil siad ag déanamh cumarsáid go díreach leis an bhfreastalaí nó leis an úsáideoir eile. I ndáiríre, tá an haiceálaí tar éis iad féin a idirchuir idir an seoltóir agus an glacadóir agus tá na teachtaireachtaí á n-athrú aige nó tá faisnéis á goid aige.
Fuadach Seisiúin Glaoitear fuadach seisiúin ar ionsaí nuair a ghlacann an t-ionsaitheoir seilbh ar an seisiún úsáideora nuair atá an seisiún ar bun. Tosaíonn an seisiún nuair a logálann tú isteach ar sheirbhís, mar shampla, d’fheidhmchlár baincéireachta, agus críochnaíonn sé nuair a logálann tú amach uaidh. A luaithe is a fhaigheann an t-ionsaitheoir rochtain ar an seisiún is féidir leo a rogha rud a dhéanamh. Go minic, ní bhíonn a fhios ag an úsáideoir dlisteanach go bhfuil an seisiún á fhuadach agus ceapann siad go bhfuil an líonra ag mífheidhmiú toisc gur cailleadh an seisiún. Is cineál ionsaithe socadáin é seo.
Diúltú Seirbhíse Glaoitear diúltú seirbhíse ar ionsaí nuair a chuireann an t-ionsaitheoir barraíocht eolais randamach istigh sa líonra chun é a phlódú agus chun é a mhoilliú síos. Cuireann sé seo cosc ar úsáideoirí eile faisnéis a sheoladh. Is féidir leis na moilleanna seo a bheith costasach do chomhlachtaí; smaoinigh ar na córais dhíolphointí.
Ionsaí Aithrise Is ionsaí aithrise ann ná nuair a dhéanann an t-ionsaitheoir cúléisteacht ar nasc líonra slán. Idircheapann siad é agus ansin moillíonn siad go calaoiseach é nó athsheolann siad é chun míthreoir a thabhairt don úsáideoir agus chun bob a imirt orthu gach rud a iarrann an t-ionsaitheoir orthu a dhéanamh.
Is féidir níos mó a léamh faoi na bagairtí ar WLAN anseo.
Is iad líonraí ríomhaireachta a thugann an t-infreastruchtúr don idirlíon agus don Ghréasán Domhanda (WWW). Mar sin, tá sé tábhachtach tuiscint a bheith againn ar conas na líonraí seo a chosaint ó na cineálacha ionsaithe seo. Sa chéad cheacht eile, díreoimid ar na bealaí éagsúla atá ann leis na líonraí cumarsáide bunúsacha agus na ríomhairí a úsáidimid a chosaint.